Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú Rangbhunaithe

Is ionann Measúnuithe Rangbhunaithe agus ócáidí nuair a dhéanann an múinteoir measúnú ar an scoláire sa mheasúnú sonrach nó na measúnaithe sonracha a leagtar amach i sonraíocht an ábhair nó an ghearrchúrsa. Beidh Measúnú Rangbhunaithe amháin i ngearrchúrsaí na sraithe sóisearaí. Nuair is féidir, glacfaidh múinteoirí na ngearrchúrsaí páirt i gcruinnithe athbhreithnithe ar fhoghlaim agus ar mheasúnú. 

 

Measúnú Rangbhunaithe: Fiosrúchán fealsúnachta

Comhlánóidh an scoláire fiosrúchán fealsúnachta mar Mheasúnú Rangbhunaithe (CBA).

Tugtar deis don scoláire ceist fhealsúnach a roghnú a bhfuil spéis phearsanta aige inti ó cheann de na snáithe a bhfuil staidéar déanta aige uirthi, agus an cheist seo a fhiosrú thar thréimhse ama chun cur i láthair a dhéanamh. Tugtar deiseanna don scoláire sa Mheasúnú Rangbhunaithe seo fianaise dá scileanna chun ‘fealsúnacht a dhéanamh’ a léiriú, go háirithe a scileanna chun ceisteanna a chur, taighde a dhéanamh ar dhearcthaí éagsúla, plé, comparáid a dhéanamh, míniú, achoimriú, naisc a dhéanamh, difríochtaí, fadhbanna a réiteach agus teacht ar chonclúidí.  Beifear ag súil chomh maith go ndéanfaidh sé tagairt do smaointeoirí eile a cheap sé a bhí suimiúil agus é ag smaoineamh faoin gceist seo.

Féadfaidh an scoláire roghnú chun a fhiosrúchán fealsúnach a chur i láthair i scríbhinn, ó bhéal nó i bhformáid dhigiteach. Tugtar deiseanna don scoláire sa ghníomhaíocht seo chomh maith comhoibriú le daoine eile sa rang agus a fhiosrúchán á dhéanamh aige agus é ag réiteach dá chur i láthair. 
Cuspóir faoi leith den mheasúnú rangbhunaithe is ea aiseolas forbartha don scoláire a éascú le linn dó a bheith páirteach sa ghníomhaíocht agus ag deireadh an phróisis.  Is féidir an Measúnú Rangbhunaithe don ghearrchúrsa fealsúnachta a chur i gcrích sa dara bliain nó sa tríú bliain.

 

 

 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.